Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Réiteach an chéad daonáireamh eile chun freastal ar riachtanais athraithe na hÉireann.

Suirbhé Píolótach Daonáirimh

Scaipeadh foirmeacha an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh ar 15,000 líon tí timpeall na hÉireann in am don 23 Meán Fómhair 2018. Bealach é an Suirbhé chun ceisteanna nua agus athraithe, mar aon le próisis nua, a thástáil chun réiteach don chéad daonáireamh eile a reáchtálfar sa bhliain 2021.

Gabhaimid buíochas le gach duine páirteach as an bhfoirm a chomhlíonadh óir gur ríthábhachtach é seo chun clár a shocrú don chéad daonáireamh eile agus na staitisticí a eascróidh as.
Léigh tuilleadh faoin Suirbhé

Conas Áiritheoir Daonáirimh Phíolótaigh a aithint

Tiocfaidh áiritheoir chuig gach líon tí atá roghnaithe don Suirbhé Píolótach Daonáirimh.
Tabhair do d'aire an méid seo a leanas nuair a bhuailfidh tú leis an áiritheoir;

  • Seaicéad lonrach buí de chuid an CSO

  • Mála dubh 'Central Statistics Office / An Phríomh-Oifig Staidrimh'

  • Cárta aitheantais arna eisiúint ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Mura bhfuil tú iomlán cinnte, glaoigh ar líne chabhrach an Daonáirimh, ar an uimhir 1850 201 604.
Léigh níos mó faoi Áiritheoirí Daonáirimh

Cabhraigh linn ullmhú don chéad Daonáireamh eile

Deis é seo chun cabhrú linn Daonáireamh 2021 a mhúnlú. Tríd an bhfoirm Suirbhé Píolótach Daonáirimh a líonadh, tá tú ag tabhairt aiseolas tábhachtach dúinn maidir leis na ceisteanna nua agus na cinn uasdátaithe.
Tuilleadh eolais ar na ceisteanna nua.

Cosnaímid do Phríobháideachas

Táimid tiomanta d'fhaisnéis phearsanta a chosaint. Tá do chuid sonraí go hiomlán slán, faoi rún agus cosanta ag an dlí.
Léigh faoi chosaint sonraí pearsanta in obair an Daonáirimh agus an CSO.

Staitisticí d'Éirinn na linne seo

Déantar taifeadadh uair gach cúig bliana leis an Daonáireamh ar gach duine atá ag maireachtáil nó ar cuairt in Éirinn. Baintear úsáid as na staitisticí bailithe chun seirbhísí agus bonneagar a phleanáil chun tairbhe gach duine.
Imreoidh na staitisticí seo tionchar ar chúrsaí sa todhchaí

Nuacht ó Suirbhé Píolótach an Daonáirimh

Léigh Uile

Is féidir foirm an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a sheoladh ar ais go fóill.

24 Deireadh Fómhair 2018

Tá áiritheoirí críochnaithe anois le bailiú na bhfoirmeacha. Má tá foirm chomhlíonta agat nár bailíodh, le do thoil seol chugainn é gan costas ag Saorphost 4726, Príomh-Oifig Staidrimh, Campas Gnó Shoird, Bóthar Baile Anraí, Sord, Co Bhaile Átha Cliath, K67 D2X4. Mura bhfuil an fhoirm a bhfuair tú comhlíonta go dtí seo, le do thoil líon isteach na freagraí agus seol chugainn é ag an seoladh thuasluaite. Cuireann gach foirm a fhaightear ar ais le rathúlacht an tSuirbhé Píolótach Daonáirimh.

Buíochas

24 Deireadh Fómhair 2018

Thar ceann na Príomh-Oifige Staidrimh, is mian linn buíochas ó chroí a ghabháil do gach duine atá tar éis foirm comhlíonta a thabhairt ar ais dúinn. Is mian linn dúthracht na foirne allamuigh a aithint agus buíochas a ghabháil leo. Is mór an cúnamh an méid seo agus muid ag réiteach do Dhaonáireamh 2021 chun na staitisticí is oiriúnaí do gach éinne a fháil. Foilseofar tuarascáil maidir le torthaí an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh in 2019 agus beidh seo ar fáil ón suíomh gréasáin.

Cad a fhoghlaimimid ón Daonáireamh?

Déan iniúchadh ar thorthaí Dhaonáireamh 2016


37.4 bliana

Meánaois an Daonra

ardaithe ó 36.1 bliain in Aibreán 2011

Torthaí Dhaonáireamh 2016