Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Baile / Cad é an Suirbhé Píolótach Daonáirimh? / Ceisteanna Coitianta maidir le Cosaint sonraí don Chóras Bainistithe Cáis

Ceisteanna a chuirtear go minic maidir le Cosaint Sonraí agus Slándáil an Chórais Bainistithe Cáis

Céard atá sa Chóras Bainistithe Cáis a úsáidtear sa Chórais Bainistithe Cáis?

Is feidhmchlár nua leictreonach é an Córas Bainistithe Cáis a chuideoidh le háiritheoirí bainistíocht a dhéanamh ar an obair allamuigh agus ar fhoirmeacha an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a sheachadadh/a bhailiú.

An bhfuil feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i gcás sonraí atá á mbailiú sa Chórais Bainistithe Cáis?

Tá.  Leagtar amach san Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus Achtanna um chosaint sonraí 1988 go 2018 an creat dlí i dtaobh sonraí pearsanta in Éirinn a bhailiú agus a phróiseáil.  In éineacht, tugtar tuilleadh cearta do dhaoine aonair (ábhar sonraí) maidir le bailiú agus próiseáil a gcuid faisnéise pearsanta.  Leagtar freisin breis oibleagáidí ar eagraíochtaí mar an Phríomh-Oifig Staidrimh a bhailíonn agus a úsáideann an fhaisnéis sin (rialaitheoirí sonraí/próiseálaithe sonraí).

Leagtar amach sna Ceisteanna seo a Chuirtear go Minic an t-údar go dteastaíonn uainn faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Chórais Bainistithe Cáis agus mar a dhéanaimid sin.  Tá tuilleadh eolais ar GDPR le fáil anseo. 

Cad iad na sonraí a bhailítear sa Chórais Bainistithe Cáis?

Iarrfaidh áiritheoirí an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh, thar ceann an CSO, ainm agus  uimhir theagmhála shealbhóirí an tí chun seachadadh agus bailiú éifeachtacht fhoirmeacha an tSuirbhé Píolótaigh Daonáirimh a éascú.  Baileoidh na háiritheoirí eolas breise ar nós líon na bhfoirmeacha Daonáireamh a bhfágadh leat, cén t-am a mbeadh oiriúnach duit chun iad a bhailiú agus cén cineálacha aonad ina bhfuil tú, (teach, árasán srl).

Cé atá ag bailiú na sonraí sa Chórais Bainistithe Cáis?

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an soláthraí náisiúnta, neamhspleách ar staidrimh in Éirinn.   Is é an jab atá againn faisnéis a bhailiú, a anailísiú agus staidrimh a chur i dtoll a chéile ar dhaonra, ar shochaí agus ar gheilleagar na tíre.

Cén fáth a bhfuiltear ag bailiú na sonraí seo?

Cuireann na sonraí a bhailítear faisnéis thábhachtach ar fáil chun na hoibríochtaí allamuigh a riar don Suirbhé Píolótach Daonáirimh Táimid ag bailiú an méid is lú sonraí pearsanta atá riachtanach (ainm, uimhir theagmhála) chun bailiú na bhfoirmeacha líonta tí a éascú.

An bhfanfaidh na sonraí in Éirinn?

Fanfaidh.  Ní dhéanaimid sonraí atá de dhíth a phróiseáil ach chun na críocha atá leagtha amach. Is próiseálaithe sonraí iad Esri na hÉireann.  Tá siad cláraithe ina oifigigh staidreamh agus tá conradh acu cloí le ceanglais GDPR an CSO. Tá Esri na hÉireann faoi cheangal conarthach gan sonraí a aistriú lasmuigh d'Éirinn.  Tá córas Esri lonnaithe in ionad sonraí Sheirbhísí Gréasáin Amazon atá lonnaithe in Éirinn freisin.

Cén bunús dlí atá i gceist?

Tugtar an bunús dlí atá le sonraí a bhailiú in Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993 arna leasú le hAlt 178 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Cén chaoi a ndéantar sonraí a phróiseáil?

Seoltar na sonraí ó fhón cliste an áiritheora trí chainéil cumarsáide atá slán, trí chóras Esri Ireland atá lonnaithe in ionad sonraí Sheirbhísí Gréasáin Amazon, go dtí an CSO áit a ndéantar na sonraí sin a stóráil. Cuireann bearta slándála bac ar rochtain a fháil ar na sonraí nuair atá siad ar an mbealach chuig an CSO.  Coinneofar an fhaisnéis seo ar feadh tréimhse 12 seachtain ar a mhéad le linn thréimhse na tástála Píolótaí.  Déanfar an feidhmchlár agus an t-ábhar a scriosadh ón bhfón póca agus ón mbunachar sonraí nuair a bheidh an oibríocht curtha i gcrích.

Cé dó a bhfuil na sonraí beartaithe?

An Phríomh-Oifig Staidrimh a gheobhaidh an sonraí. Is é an aidhm atá leis na sonraí ná cuidiú leis an áiritheoir foirmeacha an tSuirbhé Píolótaigh Daonáirimh a sheachadadh agus a bhailiú.

Cén ceart atá agam teacht ar na sonraí?

Tá cearta sonracha agat faoi dhlí na hÉireann agus na hEorpa a bhaineann le do chuid sonraí pearsanta.  Tá na cearta sin leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.  Áirítear ar na cearta sin a bheith i dteideal rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta, iad a cheartú, srian a chur orthu nó agóid a dhéanamh in aghaidh a bpróiseála chomh maith le do chead ina leith a tharraingt siar am ar bith.  Tá feidhm le srianta áirithe i leith sonraí a phróiseáiltear chun críocha staidrimh.

Cad iad na hiarmhairtí a bheidh le gan na sonraí seo a chur ar fáil?

Is go deonach a ghlactar páirt sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh agus is go deonach atá sé do chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil don áiritheoir.

An bhfuil mo chuid faisnéise slán agus daingean?

Tá.  Tá meas againn ar d'fhaisnéis agus déanaimid sin a chosaint.  Tá cosaint faoin dlí ag do chuid sonraí i dtaobh rúndacht agus slándáil. Is Oifigigh Staidrimh gach ball foirne a bheidh bainteach leis an Suirbhé Píolótach Daonáireamh lena n-áirítear an fhoireann sa chuideachta a bheidh ag próiseáil na sonraí thar ceann an CSO.

Éilítear orthu de réir an dlí faoin Acht Staidrimh 1993 a chinntiú go bhfanann do chuid sonraí ar fad faoi rún.  Foráiltear san Acht gur féidir pionóis a ghearradh orthu sa chás go mainníonn siad sin a dhéanamh.

Ní fhoilsíonn an CSO ach sonraí grúpáilte gan ainm i bhfoirm staidrimh.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil laistigh den CSO?

Is í Maria Hurley an tOifigeach um Chosaint Sonraí sa CSO. Má bhíonn aon cheist agat nó aon imní ort, is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Bóthar na Sceiche Airde

Corcaigh

T12 X00E

E-Mail:  dpo@cso.ie

Nílim sásta leis an bhfreagra ón CSO - cad a dhéanfaidh mé anois?

Tá sé de cheart agat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí le haon fhiosruithe a bheadh agat/imní a bheadh ort.  Chun tuilleadh eolais a fháil chun sin a dhéanamh, lena n-áirítear má tá tú míshásta le freagra(í) an CSO chugat, cliceáil anseo.

 

Cá fhad a gcoinneofar mo shonraí pearsanta?

Scriosfar na sonraí pearsanta a thugann tú don áiritheoir CSO - ainm agus uimhir theileafóin - chomh luath is a mbeidh oibríocht allamuigh an tSuirbhé Phíolótaigh críochnaithe i mí na Samhna 2018.