Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Baile / Cad é an Suirbhé Píolótach Daonáirimh? / Do chuid sonraí a chosaint

Do chuid sonraí a chosaint

Ceisteanna Coitianta maidir le Cosaint & Slándáil Sonraí

An bhfuil feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i gcás sonraí atá á mbailiú sa daonáireamh Píolótach?

Tá. Leagtar amach san Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus Achtanna um chosaint sonraí 1988 go 2018 an creat dlí i dtaobh sonraí pearsanta in Éirinn a bhailiú agus a phróiseáil. In éineacht, tugtar tuilleadh cearta do dhaoine aonair (ábhar sonraí) maidir le bailiú agus próiseáil a gcuid faisnéise pearsanta.  Leagtar freisin breis oibleagáidí ar eagraíochtaí  mar an Phríomh-Oifig Staidrimh a bhailíonn agus a úsáideann an fhaisnéis sin (rialaitheoirí sonraí/próiseálaithe sonraí).

Leagtar amach sna Ceisteanna seo a Chuirtear go Minic an t-údar go dteastaíonn uainn faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Daonáireamh Píolótach agus mar a dhéanaimid sin.  Tá tuilleadh eolais ar GDPR le fáil anseo.

Cé atá ag bailiú na sonraí sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh?

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an soláthraí náisiúnta, neamhspleách ar staidrimh in Éirinn.   Is é an jab atá againn faisnéis a bhailiú, a anailísiú agus staidrimh a chur i dtoll a chéile ar dhaonra, ar shochaí agus ar gheilleagar na tíre. 

Cén fáth a bhfuiltear ag bailiú na sonraí seo?

Táimid ag ullmhú ceisteanna nua d'fhoirm Dhaonáireamh 2021.  Chun sin a dhéanamh, ní mór dúinn ceisteanna nua a thástáil i ndaonáireamh píolótach go bhfaighimid amach mar a éireoidh leo.  Cuideoidh an fhaisnéis a chuirfidh tusa ar fáil linn na cinntí sin a dhéanamh.  Déanfar tuarascáil ar an bpróiseas a bhain leis an suirbhé píolótach Daonáirimh a fhoilsiú ar suíomh gréasáin an CSO sa chéad leath de 2019.

An bhfanfaidh na sonraí in Éirinn?

Fanfaidh.  Fanfaidh na sonraí ar fad laistigh d'Éirinn agus laistigh den CSO a luaithe a bheidh an chéad phróiseáil déanta.  Ní dhéanann an CSO ach torthaí staidrimh comhiomlána a chur ar fáil.

Cén bunús dlí atá i gceist?

Tugtar an bunús dlí atá le sonraí a bhailiú in Alt  24 den Acht Staidrimh, 1993 arna leasú le hAlt 178 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Cén chaoi a ndéantar sonraí a phróiseáil?

I ndiaidh próiseas tairisceana iomaíoch, roghnaíodh Kefron chun seirbhísí próiseála sonraí a chur ar fáil i leith Shuirbhé Píolótach Daonáirimh 2018. I mBaile Átha Cliath atá Kefron agus tá an creidiúnú slándála is airde (ISO 27001) bainte amach ag an gcuideachta.  Cuirfear foirmeacha comhlánaithe an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh ar fáil do Kefron a chuirfidh an fhaisnéis a bheidh ar na foirmeacha isteach i gcóras daingean.  Déanfar Oifigigh Staidrimh de gach ball foirne Kefron a bheidh i mbun fhoirmeacha an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a phróiseáil fad a bheidh an tionscadal ar bun. Ní bheidh cead ach ag baill foirne a bheidh ag obair ar an tionscadal teacht ar shonraí an Daonáirimh Phíolótaigh agus déanfar an rochtain ar fad a bheidh ag foireann na cuideachta a thaifeadfadh agus a mhaoirsiú.  A luaithe a bheidh na sonraí curtha isteach sa chóras, cuirfear ar ais chuig an CSO iad le cur i dtoll a chéile ó thaobh staidrimh agus lena n-anailísiú.  Ní choinneoidh Kefron ná foireann na cuideachta aon chuid de na sonraí.  Coinneoidh an CSO na sonraí go dtí go dtiocfaidh deireadh le forbairt an chórais próiseála do Dhaonáireamh 2021. Lean ort ag léamh chun tuilleadh eolais a fháil.

Cé dó a bhfuil na sonraí beartaithe?

An Phríomh-Oifig Staidrimh a gheobhaidh an sonraí.  Is é is cuspóir leis na sonraí ná anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear ó na ceisteanna nua agus athraithe chun cinntí maidir lenar cheart a áireamh sa chéad daonáireamh eile a chur ar an eolas.  Déanfar an tuarascáil a fhoilsiú in 2019 agus d'fhéadfadh roinnt sonraí staidrimh a bheith ann ón Daonáireamh Píolótach.

Cén ceart atá agam teacht ar na sonraí?

Tá cearta sonracha agat faoi dhlí na hÉireann agus na hEorpa a bhaineann le do chuid sonraí pearsanta. Tá na cearta sin leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Áirítear ar na cearta sin a bheith i dteideal rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta, iad a cheartú, srian a chur orthu nó agóid a dhéanamh in aghaidh a bpróiseála chomh maith le do chead ina leith a tharraingt siar am ar bith. Tá feidhm le srianta áirithe i leith sonraí a phróiseáiltear chun críocha staidrimh.

Cad iad na hiarmhairtí a bheidh le gan na sonraí seo a chur ar fáil?

Is go deonach a ghlactar páirt sa suirbhé píolótach daonáirimh. Má chomhlánaíonn tú an fhoirm, áfach, cuideoidh sin linn a chinntiú go n-éireoidh leis an Suirbhé Píolótach.  Cuideoidh sin le go mbeidh an chéad daonáireamh eile, sa bhliain 2021, níos ábhartha agus tairbhí dúinn ar fad.

An bhfuil mo chuid faisnéise slán agus daingean?

Tá. Tá meas againn ar d'fhaisnéis agus déanaimid sin a chosaint.  Tá cosaint faoin dlí ag do chuid sonraí i dtaobh rúndacht agus slándáil. Is Oifigigh Staidrimh gach ball foirne a bheidh bainteach leis an Suirbhé Píolótach Daonáireamh lena n-áirítear an fhoireann sa chuideachta a bheidh ag próiseáil na sonraí thar ceann an CSO.

Éilítear orthu de réir an dlí faoin Acht Staidrimh 1993 a chinntiú go bhfanann do chuid sonraí ar fad faoi rún. Foráiltear san Acht gur féidir pionóis a ghearradh orthu sa chás go mainníonn siad sin a dhéanamh.

Ní fhoilsíonn an CSO ach sonraí grúpáilte gan ainm i bhfoirm staidrimh.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil laistigh den CSO?

Is í Maria Hurley an tOifigeach um Chosaint Sonraí sa CSO. Má bhíonn aon cheist agat nó aon imní ort, is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag

An tOifigeach um Chosaint Sonraí
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bóthar na Sceiche Airde
Corcaigh
T12 XOOE
R-phost: dpo@cso.ie

Nílim sásta leis an bhfreagra ón CSO - cad a dhéanfaidh mé anois?

Tá sé de cheart agat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí le haon fhiosruithe a bheadh agat/imní a bheadh ort. Chun tuilleadh eolais a fháil chun sin a dhéanamh, lena n-áirítear má tá tú míshásta le freagra(í) an CSO chugat, cliceáil anseo

 

Cosaint sonraí don Chóras Bainistíthe Cáis