Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Baile / Cad é an Suirbhé Píolótach Daonáirimh? / Do chuid sonraí a chosaint / Sonraí fhoirmeacha an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a phróiseáil

I ndiaidh próiseas tairisceana iomaíoch, roghnaíodh Kefron chun seirbhísí próiseála sonraí a chur ar fáil i leith Shuirbhé Píolótach Daonáirimh 2018.  Áirítear leis sin na sonraí ar na foirmeacha píolótacha a chuirtear ar ais a eochrú agus na sonraí ar na foirmeacha a chur ar fáil i gcomhad daingean don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar mhaithe le hanailís a dhéanamh ar an staidreamh.

Tá creidiúnú ISO27001 ag Kefron i leith bainistiú agus slándáil faisnéise lena n-áirítear gabháil agus próiseáil sonraí.   De réir Acht Staidrimh 1993 déanfar Oifigigh Staidrimh de gach ball foirne Kefron a bheidh i mbun fhoirmeacha an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a phróiseáil fad a bheidh an tionscadal ar bun.  Ní bheidh rochtain ach ag na baill foirne sin ar fhoirmeacha agus ar shonraí agus déanfar monatóireacht agus taifeadadh air sin.  Ina nOifigigh Staidrimh dóibh, tá ceangal ar gach ball foirne a bheidh i mbun sonraí an tsuirbhé phíolótaigh daonáirimh a phróiseáil a rúndacht a chosaint agus a chaomhnú agus beidh siad faoi réir pionóis shuntasacha sa chás nach ndéanfaidh siad amhlaidh.   Is i Kefron, ar chóras daingean inmheánach ina oifigí i mBaile Átha Cliath 12, a dhéanfar na sonraí ar fad a phróiseáil agus tabharfar na sonraí ar fad ar láimh don CSO nuair a bheidh an tionscadal tugtha chun críche.  Ní choinneoidh Kefron ná foireann na cuideachta aon chuid de na sonraí.

Cuirfidh an CSO na foirmeacha comhlánaithe ar fáil do Kefron le linn mí na Samhna 2018. Tabharfar ar ais don CSO iad idir lár agus deireadh mí na Nollag 2018.  Déanfaidh an CSO anailís ansin ar na sonraí a chuirfear ar ais agus fógróidh torthaí na hanailíse sin sa chéad sé mhí den bhliain 2019.  Má bhíonn aon cheist agat maidir le próiseáil Shuirbhé Píolótach Daonáirimh 2018 nó maidir leis an Suirbhé fein, glaoigh orainn ag an uimhir 1850 201 604 nó seol ríomhphost chugainn ag census@cso.ie.