Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Baile / Fotha nuachta

Fotha nuachta

Is féidir foirm an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a sheoladh ar ais go fóill.

24 Deireadh Fómhair 2018

Tá áiritheoirí críochnaithe anois le bailiú na bhfoirmeacha. Má tá foirm chomhlíonta agat nár bailíodh, le do thoil seol chugainn é gan costas ag Saorphost 4726, Príomh-Oifig Staidrimh, Campas Gnó Shoird, Bóthar Baile Anraí, Sord, Co Bhaile Átha Cliath, K67 D2X4. Mura bhfuil an fhoirm a bhfuair tú comhlíonta go dtí seo, le do thoil líon isteach na freagraí agus seol chugainn é ag an seoladh thuasluaite. Cuireann gach foirm a fhaightear ar ais le rathúlacht an tSuirbhé Píolótach Daonáirimh.

Buíochas

24 Deireadh Fómhair 2018

Thar ceann na Príomh-Oifige Staidrimh, is mian linn buíochas ó chroí a ghabháil do gach duine atá tar éis foirm comhlíonta a thabhairt ar ais dúinn. Is mian linn dúthracht na foirne allamuigh a aithint agus buíochas a ghabháil leo. Is mór an cúnamh an méid seo agus muid ag réiteach do Dhaonáireamh 2021 chun na staitisticí is oiriúnaí do gach éinne a fháil. Foilseofar tuarascáil maidir le torthaí an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh in 2019 agus beidh seo ar fáil ón suíomh gréasáin.

Go raibh maith agat as d'fhoirm a chomhlánú don Suirbhé Píolótach Daonáirimh.

5 Deireadh Fómhair 2018

Go raibh maith agat as d'fhoirm a chomhlánú. Beidh ár gcuid áiritheoirí, atá ag obair go crua, ag bailiú foirmeacha ó na tithe a ghlac páirt sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh go dtí an 23 Deireadh Fómhair. Bíodh d'fhoirm réidh agus mura mbeidh tú sa bhaile an lá a dtiocfaidh an t-áiritheoir, déan teagmháil leis/léi trína chuid sonraí teagmhála. Mura bhfuil sonraí teagmhála an áiritheora agat, glaoigh ar an uimhir 1850 201 604 agus déanfaimid teagmháil leis an áiritheoir thar do cheann. Is mó againn do chúnamh agus cuideoidh sé go mór linn nuair a bheidh Daonáireamh 2021 á ullmhú.

Seo é an chéad Suirbhé Píolótach Daonáirimh ó 2009.

5 Deireadh Fómhair 2018

An raibh a fhios agat gur sa bhliain 2009 a bhí an Suirbhé Píolótach Daonáirimh deiridh ann? Bhí ábhar nua san áireamh i ndaonáireamh 2011 mar thoradh ar an suirbhé sin lena n-áirítear ceist ar theanga iasachta, sláinte ghinearálta agus réimse staidéir. Sa bhliain 2018, tá foirm aiseolais san áireamh le foirm an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh (sna ceantair atá páirteach) ionas go mbeidh tusa in ann do chuid smaointe a roinnt linn ar na ceisteanna trí chéile. Mura bhfuair tú ceann, tá nasc chuig an leagan ar líne ar leathanach baile an láithreáin gréasáin nó iarr leagan páipéir ar d'áiritheoir. Ba mhaith linn do chuid tuairimí a fháil.

Cad iad na ceisteann tástála nua?

31 Lúnasa 2018

Tá áiritheoirí ag dáileadh an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh i gceantair rannpháirteacha le cúpla seachtain. Tá trí seachtainí eile fanta acu chun foirmeacha a roinnt roimh dháta an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh - an Domhnach an 23 Meán Fómhair. Tá roinnt ábhar nua á dtástáil ar na foirmeacha seo. Baineann ceann de na ceisteanna le cúram leanaí agus fiafraíonn an líon uaire a mbíonn leanaí i gcúram leanaí gach seachtain agus an cineál cúraim a bhíonn i gceist. I measc na n-ábhar nua eile a bhfuil ceisteanna fúthu tá fuinneamh inathnuaite, ag obair ón mbaile, aláraim dóiteáin, caitheamh tobac, obair dheonach agus saoránacht. Tríd an Suirbhé Píolótach Daonáirimh a líonadh, cuideoidh tú go mór linn ábhar an chéad daonáirimh eile a shocrú sa bhliain 2021. Go raibh maith agat as comhoibriú linn.

An bhfuil mo cheantarsa rannpháirteach?

31 Lúnasa 2018

Má tá tú ag iarraidh a fháil amach an bhfuil cónaí ort i gceann de na ceantair rannpháirteacha, féach 'Ceantair Rannpháirteacha' anseo ar censuspilot.ie. Cliceáil ar do chontae áit a bhfaighidh tú liosta de cheantair agus a bhfuil léarscáil ag dul le gach ceantar díobh. Freagróidh na háiritheoirí aon cheisteanna a bheidh agat nuair a thiocfaidh siad agus cuimhnigh gur féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an uimhir 1850 201 604 nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag copfieldmanagement@cso.ie.

Tosóidh áiritheoirí ag dáileadh foirmeacha ón lá inniu amach sna ceantair rannpháirteacha

23 Lúnasa 2018

Tosóidh áiritheoirí inniu, an 23 Lúnasa, ag dul ó dhoras go doras chun foirmeacha an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh a dháileadh sna ceantair rannpháirteacha. Déan cinnte a gcárta ID a iarraidh orthu. Beidh siad ag dáileadh foirmeacha go dtí dáta an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh an 23 Meán Fómhair. Is seo é an dáta a líonfaidh na daoine a bheidh páirteach a gcuid foirmeacha. Beidh áiritheoirí in ann aon cheist a bheidh agat a fhreagairt agus mura mbeidh tú sa bhaile an lá a dtiocfaidh siad, fágfaidh siad a gcuid sonraí teagmhála. Féadfaidh tú am níos oiriúnaí a shocrú leo a bhféadfaidh siad teacht.

An Líne Chabhrach agus an Deasc Cabhrach inniu

23 Lúnasa 2018

Táimid fíorbhuíoch as an am agus an iarracht a chaitheann tú leis an bhfoirm a líonadh agus cuideoidh sin linn foirm Dhaonáireamh 2021 a ullmhú. Tá líne cabhrach ann ar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn uirthi - 1850 201 604 nó is féidir ríomhphost a sheoladh chugainn ag copfieldmanagement@cso.ie. Tá cúnamh le fáil freisin i bhfoirm foirm fiosraithe ar ár leathanach deisce cabhrach is féidir a líonadh agus a dtiocfaidh muid ar ais chugat.

Suíomh gréasáin an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh foilsithe inniu

25 Iúil 2018

Tá suíomh gréasáin an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh díreach foilsithe agus cuirfear breis eolais leis i rith na seachtainí beaga amach romhainn. Rithfear an Suirbhé Píolótach Daonáirimh an 23 Meán Fómhair. Suirbhé teoranta daonáirimh atá i gceist a úsáidfear chun ceisteanna nua agus uasdátaithe a thástáil d’eagrán 2021 an daonáirimh.

Cad é an Suirbhé Píolótach Daonáirimh?

25 Iúil 2018

Suirbhé teoranta ar aon dul leis an daonáireamh é an Suirbhé Píolótach seo, a reáchtáiltear ar an gcaoi chéanna le daonáireamh iomlán agus a chuirtear ar méid bheag (15,000) líonta tí. Mar a rinneadh le linn Daonáireamh 2016, rachaidh áiritheoirí ó dhoras go doras sna ceantair atá roghnaithe le páirt a ghlacadh, tosófar ar fhoirmeacha a sheachadadh ag deireadh mí Lúnasa agus baileofar iad faoi dheireadh mí Mheán Fómhair. Próiseálfar na foirmeacha comhlíonta agus tabharfaidh an fhaisnéis staitistiúil tuiscint mhaith dúinn ar cén chaoi a nglacfaí le ceisteanna nua agus uasdátaithe. Bainfimid leas as an eolas seo chun foirm Dhaonáireamh 2021 a réiteach.

Léigh tuilleadh...