Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Suirbhé Píolótach

Daonáirimh

Baile / Maidir leis na foirmeacha / Foirmeacha go mion / Foirm A - cur síos mion

Cur síos Mion ar na Ceisteanna – Foirm A

Tugtar roinnt sonraí sna míniúcháin a thugtar thíos faoi gach ceist maidir leis an gcúis a bhfuil an cheist sin á cur.  Leagtar amach iontu freisin roinnt de na bealaí a mbainfear úsáid as an fhaisnéis ón Daonáireamh iomlán.  I gcásanna áirithe, tugtar comhairle duit maidir leis an mbealach a fhreagróidh tú an cheist.  Beidh an t-áiritheoir in ann comhairle a chur ort agus cúnamh a thabhairt duit ina leith sin chomh maith.

Ceist 1 an Líon Tí: Cén cineál cóiríochta ina gcónaíonn do líon tí?

Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn léargas a fháil ar na cineálacha éagsúla áiteanna cónaithe atá i do cheantarsa.  Cuirfidh sé ar ár gcumas anailís a dhéanamh ar na cineálacha cóiríochta atá ag daoine ó thaobh aoise, náisiúntachta, an méid oideachais atá orthu, srl.

Ceist 2 an Líon Tí: Cén uair ar céad tógadh do theach nó árasán?

Cuirimid an cheist seo chun go mbeifear ábalta léargas níos fearr a fháil ar chomh sean is atá áiteanna cónaithe.  Cuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir leis an stoc tithíochta de réir ceantair bhig agus na bliana a tógadh iad, faisnéis atá de dhíth chun go mbeidh tuiscint againn ar sholáthar agus ar riachtanais tithíochta na hÉireann. 

Ceist 3 an Líon Tí: An bhfuil úinéireacht ag do líon tí ar an gcóiríocht nó an bhfuil sí ar cíos?

Cuideoidh na freagraí a thabharfar ar an gceist seo chun athruithe agus treochtaí a aithint i dtaobh líon na ndaoine a bhfuil úinéireacht acu ar a n-áit chónaithe agus iad siúd bhfuil sí ar cíos acu.  Is gné thábhachtach í seo chun léiriú a fháil ar dhálaí geilleagracha agus sóisialta sa tír.

Ceist 4 an Líon Tí: Más ar cíos atá do chóiríocht, cé mhéad cíosa a íocann do líon tí?

Tabharfaidh do fhreagra ar an gceist seo faisnéis dúinn maidir leis an méid a ghearrtar do chíos i do cheantar agus cuideoidh linn léiriú soiléir a fháil ar chostais chíosa trí chéile. Cuideoidh sin linn tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna ríthábhachtacha ar nós inacmhainneacht cóiríochta ar cíos agus an teacht atá uirthi.

Ceist 5 an Líon Tí: Cé mhéad seomra atá ann le húsáid ag do líon tí amháin?

Ach freagraí a fháil ar an gceist seo, beimid in ann comparáid a dhéanamh idir an oiread seomraí atá ar fáil do líonta tí ina n-áit chónaithe.

Ceist 6 an Líon Tí: Céard é an príomhchineál breosla a úsáideann an córas téimh lárnaigh i do chóiríocht?

Is cuid mhór den úsáid a bhainimid as fuinneamh trí chéile an úsáid a bhainimid as fuinnimh sa bhaile agus an cineál foinse fuinnimh a úsáidimid.  Tríd an bpríomhchineál breosla a úsáidtear i d'áit chónaithe a chur in iúl dúinn, cuideoidh tú linn tuiscint a fháil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun ár spriocanna náisiúnta fuinnimh agus athraithe aeráide a bhaint amach.

Ceist 7 an Líon Tí: An mbaintear úsáid as aon cheann de na foinsí in-athnuaite fuinnimh seo a leanas i do chóiríocht?

Is ceist nua í seo.  Tá úsáid a bhaint as foinsí in-athnuaite fuinnimh ag éirí níos tábhachtaí i dtaobh mar a chuirtear teas agus leictreachas ar fáil inár n-áiteanna cónaithe.  Le freagra(í) a thabhairt ar an gceist seo, beidh tú ag cuidiú le lucht déanta beartais sa réimse seo a chur ar an eolas faoin staid reatha náisiúnta.

Ceist 8 an Líon Tí: Cén cineál soláthair uisce phíobaithe atá sa chóiríocht agat?

Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn léiriú a fháil ar an teacht atá ar sheirbhísí soláthair uisce riachtanacha agus an úsáid a bhaintear astu.

Ceist 9 an Líon Tí: Cén cineál saoráide séarachais atá i do chóiríocht?

Cuideoidh an fhaisnéis seo linn tuiscint shoiléir a fháil ar na seirbhísí sláintíochta atá in úsáid in áiteanna cónaithe na tíre.

Ceist 10 an Líon Tí: Cá mhéad gluaisteán nó veain atá faoi úinéireacht nó atá ar fáil le húsáid ag duine amháin nó níos mó den líon tí?

Ach freagraí a fháil ar an gceist seo, beidh léargas sonraithe againn ar líon na gcarranna atá ar fáil do líonta tí in Éirinn.

Ceist 11 an Líon Tí: Cén cineál ceangal idirlín atá ag do líon tí?

Tá sé ag éirí níos tábhachtaí dúinn, i ngnáthimeacht an tsaoil, go mbeadh teacht againn ar sheirbhísí leathanbhanda, lena n-áirítear san áit chónaithe. Teastaíonn an fhaisnéis seo uainn chun tuiscint a fháil ar an teacht atá ar na seirbhísí seo i do cheantar agus ar fud na tíre.  Tá nuashonrú déanta ar an gceist seo chun aird a thabhairt ar athruithe ar na bealaí a ndéanaimid ceangal leis an idirlíon, chomh maith leis na gairis a úsáidimid chuige seo.  Cuideoidh do fhreagra linn tuiscint níos fearr a fháil ar na hathruithe céanna.

Ceist 12 maidir le do Theaghlach: Cá mhéad aláram deataigh atá ag obair i do chóiríocht?

Is ceist nua í seo. Aithnítear aláraim deataigh atá ag obair ar cheann de na príomhnithe a chuideoidh le dóiteáin agus díobháil ó dhóiteán a laghdú.  Cuideoidh freagraí ar an gceist seo linn an úsáid a bhaintear as aláraim deataigh inár n-áiteanna cónaithe a mheas.

Ceist 13 an Líon Tí: An í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh/líon tí?

Is í cuspóir na ceiste nua seo ná tuiscint níos fearr a fháil ar an úsáid a bhaintear as ár dteanga dhúchais i measc teaghlach nó líonta tí.

Ceist 14 an Líon Tí

Sin deireadh leis na ceisteanna faoi do líon tí.  Freagair anois le do thoil na ceisteanna maidir leis na daoine i do líon tí.

Ceist 1: Cad is ainm duit

Iarraimid ort ainm gach duine sa teach/sa teaghlach a thabhairt chun a chinntiú go bhfuil gach duine atá ansin ar an oíche san áireamh sa daonáireamh, agus go ndéantar sonraí cruinne gach duine a thaifeadadh.  Baintear úsáid freisin as ainmneacha chun cuidiú le grúpaí teaghlaigh laistigh de theaghlaigh a aithint.  Mar aon leis na sonraí eile ar fad a chuirtear ar fáil don CSO, coinneofar na sonraí seo faoi rún agus ní úsáidfear iad ach amháin chun críocha staidrimh.

Ceist 2: Cad é do ghnéas?

Déantar anailís ar beagnach gach faisnéis a bhailítear ar an bhfoirm daonáirimh de réir ghnéas agus aoise.

Ceist 3: Cad é do dháta breithe?

Tá sé tábhachtach eolas a bheith againn ar phróifíl aoise an daonra i dtaobh na seirbhísí a theastaíonn uainn ar fad a phleanáil agus a sheachadadh - seirbhísí oideachais, sláinte agus leasa shóisialaigh mar shampla. 

Ceist 4: Cén ghaol atá agat le daoine eile sa teach?

Trí chaidrimh teaghlaigh/eile sa teach a aithint, cuidíonn tú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an athrú atá ag teacht ar theaghlaigh. Beimid in ann torthaí a chur ar fáil ar phátrúin shóisialta agus cónaithe atá ag athrú a mbaintear úsáid astu chun seirbhísí tithíochta agus leasa shóisialaigh a phleanáil agus a sheachadadh.

Ceist 5: Cad é do stádas pósta reatha?

Níor cheart ach do dhaoine atá 15 bliana d'aois nó níos sine an cheist seo a fhreagairt.  Ba chóir do dhaoine atá i bpósadh comhghnéis tic a chur le 'pósta' ar an bhfoirm daonáirimh.  Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn an t-athrú atá tagtha ar stádas pósta an daonra a aithint agus a thuiscint, athrú ar líon na ndaoine atá singil/pósta/ ina mbaintreach mar shampla.

Ceist 6: Cad í d'áit bhreithe?

Cuirfidh do fhreagra ar an gceist seo faisnéis ar fáil dúinn a chuideoidh linn tuiscint níos fearr a fháil ar phátrúin imirce, laistigh de bhailte, chathracha agus chontaetha na tíre agus as tíortha eile go hÉirinn.

Ceist 7: Cá bhfuil gnáthchónaí ort?

Cuiridh do fhreagra ar an gceist seo ar an eolas muid faoi líon na ndaoine atá ina gcónaí i ngach baile fearainn, baile, cathair agus contae.  Is faisnéis thábhachtach í seo d'údaráis áitiúla agus do sholáthróirí seirbhíse poiblí eile. Is air sin freisin a shocraítear teorainneacha toghlimistéir. 

Ceist 8: An tionónta tú san áit a bhfuil gnáthchónaí ort?

Is ceist nua í seo a chuideoidh linn athruithe ar thionacht tithíochta a aithint go háirithe an líon daoine a bhfuil úinéireacht acu ar a n-áit chónaithe i ngach ceantar nó a bhfuil a n-áit chónaithe ar cíos acu.  

Ceist 9: Cá raibh gnáthchónaí ort bliain ó shin?

Cuideoidh an cheist seo le soiléiriú a thabhairt ar líon na ndaoine a bhog laistigh d'Éirinn/a tháinig go hÉirinn le bliain.

Ceist 10: An raibh cónaí ort riamh taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann ar feadh tréimhse leanúnach de bhliain amháin nó níos mó?

Tabharfaidh freagraí ar an gceist seo, in éineacht leis na ceisteanna maidir le háit chónaithe agus an áit ar chónaigh daoine bliain ó shin, léargas sonraithe ar imirce. Beimid ábalta, ach go háirithe, anailís a dhéanamh ar cé a tháinig go hÉirinn ó bhí an daonáireamh deiridh ann.

Ceist 11: Cén náisiúntacht atá agat?

Tá faisnéis daonáirimh ar líon na ndaoine de náisiúntachtaí éagsúla chomh maith le sonraí maidir leis an áit a bhfuil cónaí orthu, a n-aois, a n-inscne, stádas eacnamaíochta srl.  de dhíth ó eagraíochtaí agus soláthraithe seirbhísí áitiúla agus náisiúnta agus bíonn siad ag brath ar an bhfaisnéis sin.

Ceist 12: Cén grúpa/cúlra eitneach lena mbaineann tú?

Is cuid thábhachtach den daonáireamh an fhaisnéis ar eitneacht an daonra.  Faoi reachtaíocht comhionannais in Éirinn tá idirdhealú bunaithe ar roinnt foras in aghaidh an dlí -“cine, dath, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta" ina measc. 

Ceist 13: Cén creideamh atá agat, má tá?

Ba chóir do gach duine an cheist seo a fhreagairt bíodh creideamh acu nó ná bíodh.  Ní bhaineann an cheist seo lena mhinice a théann tú chuig an Aifreann nó áit eile urnaí.

Ba chóir do dhaoine an cheist a fhreagairt bunaithe ar mar a mhothaíonn siad faoina gcreideamh reiligiúnda, más ann dó.  Baineann an cheist le reiligiún nó creideamh reatha an duine agus ní faoi chreideamh ar leis a tógadh duine.

Má tá creideamh agat,  cuir marc sa bhosca a bhaineann leatsa. Mura bhfuil do chreideamh tugtha, breac é sa bhosca a chuirtear ar fáil ag deireadh na ceiste. 

Ceist 14: An bhfuil Gaeilge labhartha agat?

Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn an líon daoine atá in ann an teanga náisiúnta a labhairt a aithint agus a mhinice agus chomh paiteanta is a labhraíonn siad í.  Cuideoidh sin linn tuiscint a fháil ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra.  

Ceist 15: Ar éirigh tú aníos i líon tí inarbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga labhartha?

Is ceist nua í seo.  Cuideoidh na freagraí le hanailís a dhéanamh ar an tionchar a bhain le héirí aníos i dteach inar labhraíodh Gaeilge ar úsáid na teanga agus líofacht inti, níos faide amach.

Ceist 16: An bhfuil aon cheann de na riochtaí nó deacrachtaí fadtéarmacha seo ag dul duit?

Cuireann torthaí daonáirimh maidir stádas sláinte agus míchumais an daonra faisnéis thábhachtach ar fáil ar shláinte na ndaoine tríd is tríd.  Tá siad tábhachtach chun na seirbhísí sláinte a theastaíonn chun ár riachtanais a shásamh a aithint.

Ceist 17: Má d'fhreagair tú ‘Tá’ i dtaobh aon chatagóir a shonraítear i gCeist 16, an mbíonn aon deacracht agat aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh?

Maidir leo sin atá faoi mhíchumas/faoi mhíchumais, cuideoidh do fhreagra (do fhreagraí) linn tuiscint a fháil ar an tionchar atá ag míchumas/míchumais ar an saol laethúil.  Cuideoidh sin le muid a chur ar an eolas maidir le tacaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil. 

Ceist 18: Conas atá do shláinte ghinearálta?

Bíonn ceangal láidir idir mar a mheasann daoine atá a sláinte agus mar atá a sláinte i ndáiríre.  D'fhéadfadh freagraí ar an gceist seo cuidiú linn an bhaint atá ag stádas sláinte le nithe mar aois, áit agus stádas eacnamaíochta a mheas.

Ceist 19: An gcaitheann tú táirgí tobac?

Is ceist nua í seo. Tabharfaidh na freagraí léargas ar chúrsaí caitheamh tobac ar fud na tíre.

Ceist 20: Cén chaoi a dtéann tú chun na hoibre, chun na scoile, chun an choláiste nó chun cúraim leanaí?

Déanfar anailís ar maidir le modh taistil i gcomhréir leis an seoladh ag a bhfuil daoine ag obair/ar scoil/ar coláiste/i gcúram leanaí.  Cuirfidh na torthaí faisnéis luachmhar ar fáil maidir le patrúin chomaitéireachta chun seirbhísí agus bonneagair iompair phoiblí a phleanáil.  Aithneofar leis na gnáthmhodhanna taistil na modhanna éagsúla iompair a mbaineann comaitéirí úsáid astu.

Ceist 21: Cén t-am de ghnáth a fhágann tú an baile chun dul chun na hoibre, scoile, coláiste nó cúraim leanaí?

Déanfar anailís ar an t-am a fhágann tú an baile i gcomhréir leis an seoladh ag a bhfuil daoine ag obair/ar scoil/ar coláiste/i gcúram leanaí. Cuirfidh sin faisnéis ar fáil ar an méid taistil comaitéara a dhéantar de réir an chineáil iompair ag tráthanna éagsúla i rith an lae.  

Ceist 22: Cá fhad a thógann an turas chun na hoibre, scoile, coláiste nó cúraim leanaí de ghnáth?

Déanfar anailís ar an t-achar a ghlacann an turas i gcomhréir leis an seoladh ag a bhfuil daoine ag obair/ar scoil/ar coláiste/i gcúram leanaí. Cuirfidh na torthaí faisnéis luachmhar ar fáil maidir le patrúin chomaitéireachta chun seirbhísí agus bonneagair iompair phoiblí a phleanáil agus faisnéis ar éifeachtacht no modhanna éagsúla iompair.

Ceist 23: An dtugann tú cúnamh nó tacaíocht phearsanta rialta gan íocaíocht do dhuine den teaghlach, do chomharsa nó cara a bhfuil breoiteacht, fadhb sláinte, fadhb a bhaineann le seanaois aige nó aici nó atá faoi mhíchumas fadtéarmach?

Cuideoidh na freagraí ar an gceist linn a mheas a mhéid a chuirtear cúnamh pearsanta gan íoc ar fáil ó chúramóirí i sochaí na hÉireann. Cuideoidh siad linn freisin tuiscint a fháil ar thréithe déimeagrafacha agus socheacnamaíochta na gcúramóirí féin.

Ceist 24: An mbíonn tú ag tabhairt cúnaimh nó ag obair go deonach maidir le haon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas gan pá?

Is ceist nua í seo. Ta oibrithe deonacha an-tábhachtach do go leor eagraíochtaí ar fud na tíre.  Tabharfaidh do fhreagra (do fhreagraí) léargas dúinn ar an líon oibrithe deonacha atá ann, chomh maith leis na ceantair agus na cineálacha eagraíochtaí ina mbíonn siad ag obair go deonach.

Ceist 25: Má tá tú faoi 15 bliana d’aois, téigh chuig C35

Cuireann an cheist seo daoine atá faoi 15 bliana d'aois ar aghaidh chuig Ceist 35.  Má tá tú os cionn 15 bliana d'aois, lean ar aghaidh chuig Ceist 26.

Ceist 26: An bhfuil do chuid oideachais lánaimseartha críochnaithe agat?

Bainfear úsáid as na freagraí ar an gceist seo chun monatóireacht a dhéanamh ar an tionchar atá ag beartais oideachais, leibhéil scileanna atá ag athrú agus chomh mór is a bhaineann daoine úsáid as a gcuid cáilíochtaí foirmeálta. 

Ceist 27: Cad é an leibhéal is airde oideachais/oiliúna (lánaimseartha nó páirtaimseartha) atá críochnaithe agat go dtí seo?

Mar aon le Ceist 26, tabharfaidh na freagraí ar Cheist 27 léargas sonraithe ar scileanna agus ar cháilíochtaí an daonra, agus cuideoidh linn tuiscint níos fearr a fháil ar na riachtanais traenála agus scileanna atá againn.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar cháilíochtaí, lena n-áirítear cáilíochtaí eachtrannacha, ag http://www.qqi.ie/Pages/Home.aspx

Ceist 28: Cén chaoi a gcuirfeá síos ar do phríomhstádas faoi láthair?

Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn líon na ndaoine atá ag obair, atá dífhostaithe agus ar scor a aithint chomh maith leis an líon mac léinn.  Is faisnéis thábhachtach í sin chun tuiscint a fháil ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre agus do cheantair. 

Ceist 29: Má tá tú ag obair, dífhostaithe nó ar scor, téigh chuig C30. Más mac léinn tú, téigh chuig C35. Murab ea, téigh chuig C37.

Ag brath ar an bhfreagra a thug tú ar Cheist 28, cuirfidh an cheist seo ar aghaidh tú chuig an gcéad cheist eile a bhaineann leat.

Ceist 30: An bhfuil (raibh) tú ag obair mar fhostaí nó an bhfuil (raibh) tú féinfhostaithe sa phríomhphost a bhí agat?

Tabharfaidh freagraí ar an gceist seo léargas dúinn ar chomhdhéanamh eacnamaíochta agus fostaíochta an daonra, líon na bhfostaithe agus na bhfostóirí go háirithe.

Ceist 31: Cén tslí bheatha atá (a bhí) agat i do phríomhphost?

Cuidíonn faisnéis maidir leis na slite beatha atá ag daoine atá ag obair, dífhostaithe nó ar scor linn tuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus na treochtaí atá ann i ndáil leis an méadú agus laghdú atá ar shlite beatha, ní atá tábhachtach chun pleanáil eacnamaíochta a dhéanamh.

Ceist 32: Má tá tú, ar scor téigh chuig Ceist 37

Cuirtear daoine atá ar scor ar aghaidh chuig Ceist 37.  Ba chóir do dhaoine atá ag obair / dífhostaithe Ceist 33 a fhreagairt.

Ceist 33: Cén gnó atá (a bhí) ag d'fhostóir san áit a bhfuil (a raibh) tú ag obair i do phríomhphost?

Má tá tú fostaithe, iarraimid ort cur síos sonraithe a thabhairt ar an ngnó atá ag d'fhostóir reatha. Má tá tú dífhostaithe, tabhair an gnó a bhí ag an bhfostóir deireanach a bhí agat le fios.  Cuideoidh an fhaisnéis sin chun tuiscint a fháil (ar na hathruithe) ar fhostaíocht sna hearnálacha tionsclaíochta éagsúla atá i ngeilleagar na tíre. 

Treoirlínte maidir le Ceist 33 a fhreagairt

  • Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtugtar cur síos sonraithe
  • Níor chóir ach do dhaoine atá ag obair nó atá dífhostaithe an cheist seo a fhreagairt
  • Ní gá do dhaoine atá ar scor í a fhreagairt
  • Ní mór do fhreagraí a bheith beacht, e.g.:
Freagra Neamhleordhóthanach Freagra a d'Fhéadfadh a bheith ceart
Ríomhairí  Déantús ríomhairí
Carranna Deisiú Carranna
Oideachas Bunoideachas
Bia Mórdhíoltóir aráin
Cógaisíocht Déantús Cógas
Glanadh Glanadh oifigí ar conradh
Bogearraí Forbairt agus tacaíocht Bogearraí
Áineas Linn snámha
Údarás Áitiúil

Rannóg Glantacháin Údaráis Áitiúil

Seirbhís Leabharlainne Údaráis Áitiúil

Rannóg Tithíochta Údaráis Áitiúil

Ceist 34: Má tá tú dífhostaithe, téigh chuig Ceist 37

Má tá tú dífhostaithe, tá do chuidse den fhoirm daonáirimh comhlánaithe anois agat.  á tá tusa (nó an té a bhfuiltear ag freagairt thar a cheann) ag obair/ar scoil i gcúram leanaí, freagair Ceist 35 le do thoil.

Ceist 35: Céard é ainm iomlán agus seoladh d'ionaid oibre, do scoile, do choláiste nó cúraim leanaí?

Mar aon leis na ceisteanna eile roimhe seo maidir le fostaíocht agus oideachas, cuideoidh an cheist seo linn léargas sonraithe a fháil ar an áit a dtéimid ar scoil, ar coláiste, chuig cúram leanaí nó chun na hoibre gach lá.  Tá sin tábhachtach le go mbeifear in ann na riachtanais iompair atá againn a thuiscint agus a phleanáil.

Ceist 36: Má tá tú faoi 15 bliana d'aois, an mbíonn tú ag freastal ar chúram leanaí de shaghas éigin?

Is ceist nua í seo. Is saincheist shóisialta agus eacnamaíochta thábhachtach é rochtain ar chúram leanaí.  Mar aon leis na ceisteanna eile roimhe seo maidir le cúram leanaí, tabharfar tuiscint níos fearr ar na seirbhísí cúraim leanaí atá ar fáil agus an riachtanas atá ann do na seirbhísí sin.  Cuideoidh sé léargas níos fearr a fháil ar na cineálacha cúraim leanaí atá á n-úsáid sa lá atá inniu ann.

Ceist 37: Freagair na ceisteanna a bhaineann le duine 2 ad tosú ar an gdéad leathanach eile. Mura bhfuil ach duine amháin I láthair sa teach ar oíche an 23 Meán Fómhair, teigh chuig leathanach 22

Seo deireadh do chuid ceisteanna. Freagair anois le do thoil na ceisteanna maidir leis na daoine eile i do theach (más ann dóibh). Mura bhfuil aon duine eile sa teach, sínigh le do thoil an fhoirm ar leathanach 23.  Más rud é go mbíonn daoine eile sa teach de ghnáth ach go bhfuil siad as láthair an 23 Meán Fómhair, freagair na ceisteanna atá ar leathanach 22 thar a gceann, agus sínigh an fhoirm ar leathanach 23 ansin. Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh!