Tugtar roinnt sonraí sna míniúcháin a thugtar thíos faoi gach ceist maidir leis an gcúis a bhfuil an cheist sin á cur. Leagtar amach iontu freisin roinnt de na bealaí a mbainfear úsáid as an fhaisnéis ón Daonáireamh iomlán. I gcásanna áirithe, tugtar comhairle duit maidir leis an mbealach a fhreagróidh tú an cheist. Beidh an t-áiritheoir in ann comhairle a chur ort agus cúnamh a thabhairt duit ina leith sin chomh maith.
Tabharfaidh do fhreagra ar an gceist seo cúnamh chun tuiscint a fháil ar na cineálacha éagsúla tithe atá i do cheantarsa. Cuirfidh sé ar ár gcumas anailís a dhéanamh ar na cineálacha cóiríochta atá ag daoine ó thaobh aoise, náisiúntachta, an méid oideachais atá orthu, srl.
Cuideoidh na freagraí a thabharfar ar an gceist seo chun athruithe agus treochtaí a aithint i dtaobh líon na ndaoine a bhfuil úinéireacht acu ar a n-áit chónaithe nó a bhfuil sé ar cíos acu. Is gné thábhachtach í seo le léiriú a fháil ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta sa tír.
Is ceist nua í seo. Cuideoidh na freagraí linn le léiriú níos soiléire a fháil ar líon na morgáistí agus a luach ar fud na tíre.
Tabharfaidh freagraí ar an gceist seo faisnéis dúinn maidir leis an méid atá cíos i do cheantar agus cuideoidh linn léiriú soiléir a fháil ar chostais chíosa. Cuideoidh sin linn tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna ríthábhachtacha mar inacmhainneacht cóiríochta ar cíos agus an teacht atá uirthi.
Ligfidh freagraí ar an gceist seo dúinn comparáid a dhéanamh idir líon na seomraí atá ar fáil do theaghlaigh ina n-áit chónaithe.
Is cuid mhór den úsáid a bhainimid as fuinneamh trí chéile an úsáid a bhainimid as fuinnimh sa bhaile agus an cineál foinse fuinnimh a úsáidimid. Tríd an bpríomhchineál breosla a úsáidtear i d'áit chónaithe a chur in iúl dúinn, cuideoidh tú linn tuiscint a fháil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun ár spriocanna náisiúnta fuinnimh agus athraithe aeráide a bhaint amach.
Is ceist nua í seo. Tá úsáid a bhaint as foinsí fuinnimh inathnuaite ag fáil níos tábhachtaí i dtaobh mar a chuirtear teas agus leictreachas ar fáil inár n-áiteanna cónaithe. Cuideoidh do fhreagraí le lucht déanta cinntí sa réimse seo a chur ar an eolas.
Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn léiriú a fháil ar an teacht atá ar sheirbhísí soláthair uisce riachtanacha agus an úsáid a bhaintear astu.
Cuideoidh an fhaisnéis seo linn léiriú soiléir a fháil ar na seirbhísí sláintíochta atá in úsáid inár n-áiteanna cónaithe.
Tabharfaidh freagraí ar an gceist seo léargas sonraithe dúinn ar líon na gcarranna atá ar fáil do theaghlaigh in Éirinn.
Tá sé ag fáil níos tábhachtaí dúinn, i ngnáthimeacht an tsaoil, go mbeadh teacht againn ar sheirbhísí leathanbhanda, inár n-áiteanna cónaithe freisin. Teastaíonn an fhaisnéis seo uainn chun tuiscint a fháil ar an teacht atá ar na seirbhísí seo i do cheantar agus ar fud na tíre. Tá an cheist seo tugtha cothrom le dáta chun athruithe ar na bealaí a bhfuil teacht againn ar an idirlíon a léiriú chomh maith leis na gairis a úsáidim chun teacht ar an idirlíon. Cuideoidh do fhreagra linn le tuiscint níos fearr a fháil ar na hathruithe seo.
Is ceist nua í seo. Aithnítear aláraim deataigh atá ag obair ar cheann de na príomhnithe a chuideoidh le dóiteáin agus díobháil ó dhóiteán a laghdú. Cuideoidh freagraí ar an gceist seo linn an úsáid a bhaintear as aláraim deataigh inár n-áiteanna cónaithe a mheas.
Is ceist nua í seo. Cuideoidh sé seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar an úsáid a bhaintear as ár dteanga dhúchais i measc teaghlach.
Sin deireadh leis na ceisteanna faoi do theaghlach. Freagair anois le do thoil na ceisteanna maidir leis na daoine i do theaghlach.
Iarraimid ort ainm gach duine i do theaghlach a thabhairt chun a chinntiú go bhfuil gach duine atá ansin ar an oíche san áireamh sa daonáireamh agus go ndéantar sonraí cruinn gach duine a thaifeadadh. Baintear úsáid freisin as ainmneacha chun cuidiú le grúpaí teaghlaigh laistigh de theaghlaigh a aithint. Mar aon leis na sonraí eile ar fad a chuirtear ar fáil don CSO, coinneofar na sonraí seo faoi rún agus ní úsáidfear iad ach amháin chun críocha staidrimh.
Déantar anailís ar beagnach gach faisnéis a bhailítear ar an bhfoirm daonáirimh de réir ghnéas agus aoise.
Tá sé tábhachtach eolas a bheith againn ar phróifíl aoise an daonra i dtaobh na seirbhísí a theastaíonn uainn ar fad a phleanáil agus a sheachadadh - seirbhísí oideachais, sláinte agus leasa shóisialaigh mar shampla.
Trí chaidrimh teaghlaigh/eile sa teach a aithint, cuidíonn tú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an athrú atá ag teacht ar theaghlaigh. Beimid in ann torthaí a chur ar fáil ar phátrúin shóisialta agus cónaithe atá ag athrú a mbaintear úsáid astu chun seirbhísí tithíochta agus leasa shóisialaigh a phleanáil agus a sheachadadh.
Níor cheart ach do dhaoine atá 15 bliana d'aois nó níos sine an cheist seo a fhreagairt. Ba chóir do dhaoine atá i bpósadh comhghnéis tic a chur le 'pósta' ar an bhfoirm daonáirimh. Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn an t-athrú atá tagtha ar stádas pósta an daonra a aithint agus a thuiscint, athrú ar líon na ndaoine atá singil/pósta/ ina mbaintreach mar shampla.
Cuirfidh do fhreagra ar an gceist seo faisnéis ar fáil dúinn a chuideoidh linn tuiscint níos fearr a fháil ar phátrúin imirce, laistigh de bhailte, chathracha agus chontaetha na tíre agus as tíortha eile go hÉirinn.
Cuiridh do fhreagra ar an gceist seo ar an eolas muid faoi líon na ndaoine atá ina gcónaí i ngach baile fearainn, baile, cathair agus contae. Is faisnéis thábhachtach í seo d'údaráis áitiúla agus do sholáthróirí seirbhíse poiblí eile. Is air sin freisin a shocraítear teorainneacha toghlimistéir.
Is ceist nua í seo a chuideoidh linn athruithe ar thionacht tithíochta a aithint go háirithe an líon daoine a bhfuil úinéireacht acu ar a n-áit chónaithe i ngach ceantar nó a bhfuil a n-áit chónaithe ar cíos acu.
Cuideoidh an cheist seo le soiléiriú a thabhairt ar líon na ndaoine a bhog laistigh d'Éirinn/a tháinig go hÉirinn le bliain.
Tabharfaidh freagraí ar an gceist seo, in éineacht leis na ceisteanna maidir le háit chónaithe agus an áit ar chónaigh daoine bliain ó shin, léargas sonraithe ar imirce. Beimid ábalta, ach go háirithe, anailís a dhéanamh ar cé a tháinig go hÉirinn ó bhí an daonáireamh deiridh ann.
Is ceist nua í seo. Tá tábhacht ag baint le faisnéis ar shaoránacht daoine atá ina gcónaí in Éirinn le tuiscint a fháil ar shochaí atá ag athrú. Cuidíonn sí linn tuiscint níos fearr a fháil ar phátrúin imirce.
Is cuid thábhachtach den daonáireamh an fhaisnéis ar eitneacht an daonra. Faoi reachtaíocht comhionannais in Éirinn tá idirdhealú bunaithe ar roinnt foras in aghaidh an dlí -“cine, dath, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta" ina measc.
Ba chóir do gach duine an cheist seo a fhreagairt bíodh creideamh acu nó ná bíodh. Ní bhaineann an cheist seo lena mhinice a théann tú chuig an Aifreann nó áit eile urnaí.
Léirigh Daonáireamh 2016 go bhfuil siadsan a dúirt 'Níl aon chreideamh' ar an dara grúpa is mó. Iarrtar ort leis an gceist mar sin a léiriú an bhfuil creideamh agat nó nach bhfuil. Má fhreagraíonn tú "níl", téigh chuig an gcéad cheist eile. Má fhreagraíonn “tá” , cuir marc sa bhosca a bhaineann leatsa. Mura bhfuil do chreideamh tugtha, breac é sa bhosca a chuirtear ar fáil ag deireadh na ceiste.
Ba chóir do dhaoine an cheist a fhreagairt bunaithe ar mar a mhothaíonn siad faoina gcreideamh reiligiúnda, más ann dó. Baineann an cheist le reiligiún nó creideamh reatha an duine agus ní faoi chreideamh ar leis a tógadh duine.
Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn an líon daoine atá in ann an teanga náisiúnta a labhairt a aithint agus a mhinice agus chomh paiteanta is a labhraíonn siad í. Cuideoidh sin linn tuiscint a fháil ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra.
Is ceist nua í seo. Cuideoidh na freagraí le hanailís a dhéanamh ar an tionchar a bhain le héirí aníos i dteach inar labhraíodh Gaeilge ar úsáid na teanga agus líofacht inti, níos faide amach.
Tá foclaíocht na ceiste seo athraithe de bheagán. Má tá riocht amháin, (fadtéarmach) nó níos mó, de na riochtaí atá liostaithe ag dul duit, luaigh le do thoil chomh dona is atá sé/siad.
Tá foclaíocht na ceiste seo athraithe de bheagán. Má thug tú 'tá' mar fhreagra ar aon chuid de Cheist 16, iarrtar sa cheist seo ort aon riocht/riochtaí fadtéarmacha a aithint a mbíonn tionchar aige/acu ar do chumas tabhairt faoi ghnáthimeachtaí gach lá.
Bíonn ceangal láidir idir mar a mheasann daoine atá a sláinte agus mar atá a sláinte i ndáiríre. D'fhéadfadh freagraí ar an gceist seo cuidiú linn an bhaint atá ag stádas sláinte le nithe mar aois, áit agus stádas eacnamaíochta a mheas.
Is ceist nua í seo. Bíonn tionchar ag caitheamh tobac ar stádas sláinte an duine. Tabharfaidh na freagraí léargas ar chúrsaí caitheamh tobac ar fud na tíre.
Ní cheart ach amháin do dhaoine atá ag obair nó ar scoil nó i gcúram leanaí Ceisteanna 21 go 24 a fhreagairt nó thar a gceann. Mura mbaineann aon cheann de na ceisteanna seo leatsa, téigh chuig Ceist 25 nó sin freagair Ceisteanna 21-24.
Déanfar anailís ar maidir le modh taistil i gcomhréir leis an seoladh ag a bhfuil daoine ag obair/ar scoil/ar coláiste/i gcúram leanaí. Cuirfidh na torthaí faisnéis luachmhar ar fáil maidir le patrúin chomaitéireachta chun seirbhísí agus bonneagair iompair phoiblí a phleanáil. Aithneofar leis na gnáthmhodhanna taistil na modhanna éagsúla iompair a mbaineann comaitéirí úsáid astu.
Déanfar anailís ar an t-am a fhágann tú an baile i gcomhréir leis an seoladh ag a bhfuil daoine ag obair/ar scoil/ar coláiste/i gcúram leanaí. Cuirfidh sin faisnéis ar fáil ar an méid taistil comaitéara a shéantar de réir an chineáil iompair ag tráthanna éagsúla i rith an lae.
Déanfar anailís ar an t-achar a ghlacann an turas i gcomhréir leis an seoladh ag a bhfuil daoine ag obair/ar scoil/ar coláiste/i gcúram leanaí. Cuirfidh na torthaí faisnéis luachmhar ar fáil maidir le patrúin chomaitéireachta chun seirbhísí agus bonneagair iompair phoiblí a phleanáil agus faisnéis ar éifeachtacht na modhanna éagsúla iompair.
Cuirfidh do fhreagraí faisnéis thábhachtach ar fáil dúinn chun tuiscint níos fearr a fháil ar mar a thaistealaímid chuig ár n-áiteanna oibre, scoile nó cúraim leanaí chomh maith leis an achar a chaithimid ann agus an t-achar a ghlacann sé orainn dul ann. Cuideoidh sé seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais iompair agus cúraim leanaí i do cheantar agus ar fud na tíre.
Cuideoidh na freagraí ar an gceist linn a mheas a mhéid a chuirtear cúnamh pearsanta gan íoc ar fáil ó chúramóirí i sochaí na hÉireann. Cuideoidh siad linn freisin tuiscint a fháil ar thréithe déimeagrafacha agus socheacnamaíochta na gcúramóirí féin.
Iarraimid ort freisin a aithint freisin cibé an duine de do theaghlach an té a bhfuil tú ag tabhairt cúraim dó. Cuideoidh sé seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar líon na ndaoine atá ag cur cúraim ar fáil do dhaoine lasmuigh dá n-áit chónaithe féin.
Is ceist nua í seo. Déanann oibrithe deonacha obair thábhachtach do go leor eagraíochtaí ar fad na tíre. Tabharfaidh do fhreagra (do fhreagraí) léargas dúinn ar an líon oibrithe deonacha atá ann, chomh maith leis na ceantair agus na cineálacha eagraíochtaí ina mbíonn siad ag obair go deonach.
Níor cheart ach do dhaoine atá in aois 15 bhliana nó níos sine Ceisteanna 28-37 a fhreagairt nó a fhreagairt thar a gceann.
Bainfear úsáid as na freagraí ar an gceist seo chun monatóireacht a dhéanamh ar an tionchar atá ag beartais oideachais, leibhéil scileanna atá ag athrú agus chomh mór is a bhaineann daoine úsáid as a gcuid cáilíochtaí foirmeálta.
Mar aon le Ceist 28, tabharfaidh na freagraí ar Cheist 29 léargas sonraithe ar scileanna agus ar cháilíochtaí an daonra, agus cuideoidh linn tuiscint níos fearr a fháil ar na riachtanais traenála agus scileanna atá againn.
Cuideoidh do fhreagra ar an gceist seo linn líon na ndaoine atá ag obair, atá dífhostaithe agus ar scor a aithint chomh maith leis an líon mac léinn. Is faisnéis thábhachtach í sin chun tuiscint a fháil ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre agus do cheantair.
Ag brath ar an bhfreagra a thug tú ar Cheist 30, cuirfidh an cheist seo ar aghaidh tú chuig an gcéad cheist eile a bhaineann leat.
Is ceist nua í seo. Cuideoidh do fhreagraí linn léargas a fháil ar líon na ndaoine atá ag obair ón mbaile agus a mhinice a dhéanann siad amhlaidh. Cuideoidh sin linn tuiscint níos fearr a fháil ar phátrúin oibre, ar cuid thábhachtach í le léargas a fháil ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre.
Tabharfaidh freagraí ar an gceist seo léargas dúinn ar chomhdhéanamh eacnamaíochta agus fostaíochta an daonra, líon na bhfostaithe agus na bhfostóirí go háirithe.
Cuidíonn faisnéis maidir leis na slite beatha atá ag daoine atá ag obair, dífhostaithe nó ar scor linn tuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus na treochtaí atá ann i ndáil leis an méadú agus laghdú atá ar shlite beatha, ní atá tábhachtach chun pleanáil eacnamaíochta a dhéanamh.
Má tá tú ar scor, tá do chuidse den fhoirm daonáirimh comhlánaithe anois agat. Má tá tusa (nó an té a bhfuiltear ag freagairt thar a gceann) ag obair /dífhostaithe/i do mhac léinn lean ar aghaidh le do thoil.
Má tá tú fostaithe, iarraimid ort cur síos sonraithe a thabhairt ar an ngnó atá ag d'fhostóir reatha. Má tá tú dífhostaithe, tabhair an gnó a bhí ag an bhfostóir deireanach a bhí agat le fios. Cuideoidh an fhaisnéis sin chun tuiscint a fháil (ar na hathruithe) ar fhostaíocht sna hearnálacha tionsclaíochta éagsúla atá i ngeilleagar na tíre.
Treoirlínte maidir le Ceist 36 a fhreagairt
Freagra Neamhleordhóthanach | Freagra a d'Fhéadfadh a bheith Ceart |
Ríomhairí | Déantús ríomhairí |
Carranna | Deisiú Carranna |
Oideachas | Bunoideachas |
Bia | Mórdhíoltóir aráin |
Cógaisíocht | Déantús Cógas |
Glanadh | Glanadh oifigí ar conradh |
Bogearraí | Forbairt agus tacaíocht Bogearraí |
Áineas | Linn snámha |
Údarás Áitiúil |
Rannóg Glantacháin Údaráis Áitiúil Seirbhís Leabharlainne Údaráis Áitiúil Rannóg Tithíochta Údaráis Áitiúil |
Má tá tú dífhostaithe, tá do chuidse den fhoirm daonáirimh comhlánaithe anois agat. Má tá tusa (nó an té a bhfuiltear ag freagairt thar a cheann) ag obair / ar scoil / i gcúram leanaí, freagair Ceist 38 le do thoil.
Mar aon leis na ceisteanna eile roimhe seo maidir le fostaíocht agus oideachas, cuideoidh an cheist seo linn léargas sonraithe a fháil ar an áit a dtéimid ar scoil, ar coláiste, chuig cúram leanaí nó chun na hoibre gach lá. Tá sin tábhachtach le go mbeifear in ann na riachtanais iompair atá againn a thuiscint agus a phleanáil.
Is ceist nua í seo. Is saincheist shóisialta agus eacnamaíochta thábhachtach é rochtain ar chúram leanaí. Mar aon leis na ceisteanna eile roimhe seo maidir le cúram leanaí, tabharfar tuiscint níos fearr ar na seirbhísí cúraim leanaí atá ar fáil agus an riachtanas atá ann do na seirbhísí sin. Cuideoidh sé léargas níos fearr a fháil ar na cineálacha cúraim leanaí atá á n-úsáid sa lá atá inniu ann.
Seo deireadh do chuid ceisteanna. Freagair anois le do thoil na ceisteanna maidir leis na daoine eile i do theach (más ann dóibh). Mura bhfuil aon duine eile sa teach, sínigh le do thoil an fhoirm ar leathanach 23. Más rud é go mbíonn daoine eile sa teach de ghnáth ach go bhfuil siad as láthair an 23 Meán Fómhair, freagair na ceisteanna atá ar leathanach 22 thar a gceann, agus sínigh an fhoirm ar leathanach 23 ansin. Go raibh maith agat as comhoibriú linn!