Ceisteanna nua don Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2018
Bainfear úsáid as an Suirbhé Píolótach Daonáirimh chun ceisteanna nua agus ceisteanna atá athraithe a thástáil roimh an gcéad daonáireamh eile a bheidh ar siúl in 2021. Déanfar tástáil ar chleachtais agus ar phróisis nua oibre freisin. Bainfear leas as an staidreamh a bheidh mar thoradh ar an Suirbhé Píolótach Daonáirimh chun cinntí a dhéanamh faoi ábhar fhoirm Dhaonáireamh 2021. Is mór againn an cúnamh ó líonta tí a bheidh páirteach tríd an fhoirm don Suirbhé Píolótach a chomhlánú. Táthar ag baint úsáide as dhá fhoirm don Suirbhé Píolótach, Foirm A agus Foirm B. Tá ceisteanna nua/athraithe ar an dá fhoirm. Tá an fhoclaíocht chéanna ar Fhoirm A is a bhí ar fhoirmeacha Dhaonáireamh 2016, ach tá leaganacha difriúla de na ceisteanna ar Fhoirm B, rud a chuirfidh ar ár gcumas comparáid a dhéanamh idir na sonraí a bhailítear.
I measc na ceisteanna nua, tá foinsí in-athnuaite fuinnimh, aláram deataigh, caitheamh tobac obair dheonach agus cúraim leanaí. Roghnaíodh na hábhair seo mar chuid de phróiseas comhchomhairleoireachta poiblí. Leagtar amach thíos samplaí de na ceisteanna nua a bheidh ann. Tabharfaidh an leathanach Cuir Síos Mion ar na Foirmeacha tuilleadh eolais ar na ceisteanna ar fad atá ar na foirmeacha.
Is cuid mhór den ídiú foriomlán fuinnimh anois é ídiú fuinnimh inathnuaite baile.
Aithnítear aláraim deataigh atá ag obair ar cheann de na príomhnithe a chuideoidh le dóiteáin agus díobháil ó dhóiteán a laghdú. Cuideoidh freagraí ar an gceist seo linn an úsáid a bhaintear as aláraim deataigh inár n-áiteanna cónaithe a mheas.
Tabharfaidh d’fhreagra ar an gceist seo tuiscint níos fearr dúinn ar an úsáid a bhaintear as ár dteanga dhúchais i líonta tí mórthimpeall an stáit.
Cuideoidh an cheist seo linn athruithe ar thionacht tithíochta a aithint go háirithe an líon daoine a bhfuil úinéireacht acu ar a n-áit chónaithe i ngach ceantar nó a bhfuil a n-áit chónaithe ar cíos acu.
Cuideoidh na freagraí le hanailís a dhéanamh ar an tionchar a bhain le héirí aníos i dteach inar labhraíodh Gaeilge ar úsáid na teanga agus líofacht inti, níos faide amach.
Bíonn tionchar ag caitheamh tobac ar stádas sláinte an duine. Tabharfaidh na freagraí léargas ar chúrsaí caitheamh tobac ar fud na tíre.
Ta oibrithe deonacha an-tábhachtach do go leor eagraíochtaí ar fud na tíre. Tabharfaidh do fhreagra (do fhreagraí) léargas dúinn ar an líon oibrithe deonacha atá ann, chomh maith leis na ceantair agus na cineálacha eagraíochtaí ina mbíonn siad ag obair go deonach.
Cuideoidh na freagraí ar an chéist seo léargas níos fearr a fháil ar na cineálacha cúraim leanaí atá á n-úsáid sa lá atá inniu ann.
Tá tábhacht ag baint le faiséis ar shaoránacht daoine atá ina gcónaí in Éirinn le tuiscint a fháil ar shochaí atá ag athrú. Cuidíonn sí linn tuiscint níos fearr a fháil ar phátrúin imirce.
Déanann obirithe deonacha abair thábhachtach do go leor eagraíochataí ar fad na tíre. Tabharfaidh do fhreagra (do fhreagraí) léargas dúinn ar an líon oibrithe deonacha atá ann, chomh maith leis na ceantair agus na cineálacha eagraíochtaí ina mbíonn siad ag obair go deonach.
Cuideoidh do fhreagra linn léargas a fháil ar lon na ndaoine atá ag obair ón mbaile agus a mhinice a dhéanann siad amhlaidh. Cuideoidh sin linn tuiscint níos fearr a fháil ar phátrúin oibre, ar cuid thábhachtach í le léargas a fháil ar chúrsaí eachnamaíochta na tíre.
Chun féachaint ar na ceisteanna ar fad atá ar dhá fhoirm an Daonáirimh Phíolótaigh cliceáil anseo.